Gaeilge / English

Baile

Eolas Fúm

Grianghraif

Éist

Féach

Teagmháil


Eolas Fúm

Seinneann Neil Ó Briain giotár fuaimiúil. Bíonn píosaí suimiúla á chruthú aige, píosaí a bhfuil dord, comhcheol agus fonn istigh iontu in éineacht, ar aon ghiotár amháin. Is réimse leathan atá ina chuid ceoil, ó cheol traidisiúnta go gceol comhaimseartha an ghiotáir. Is iomaí duine a bhfuil tionchar acu ar a stílse - Tommy Emmanuel, Tony McManus agus Andy McKee ina measc.

Tá taithí aige ó thaobh gigeanna a dhéanamh mar aonréadaí agus mar bhall de ghrúpa ceoil. Chomh maith le gigeanna in Éirinn, sheinneadh sé i gcaifí agus i dtithe tábhairne go rialta agus é ina chónaí i Kagoshima, an tSeapáin (2010-13). Agus é bheith ann, chuir sé lena stór amhrán agus theastaigh uaidh stíl éagsúil a chleachtadh. Is fearrde dá ghigeanna dá bharr.

Bhí sé ar chláracha teilifíse agus raidió i rith na bliana seo chuaigh thart (Busker Abú ar TG4 agus Rónán Beo ar RnaG). Bíonn sé ag seinnt gigeanna an t-am ar fad leis. Sheinn sé sa bhféile 96/1 agus sa Chabaret Craiceáilte, agus bhí sé ina cheoltóir taca do John Spillane le déanaí.

Tá a chéad albam, Immram, ar fáil anois ar an suíomh so fén dteideal Éist. Is féidir é a fháil ar CD nó é a íoslódáil.

 

grianghraif fógraíochta:
uimh. 1 , uimh. 2, uimh. 3